An Béal Binn in Bray will celebrate the life of the late great sean-nós singer, Ciarán Ó Concheanainn at a special event next month. (Source)
Ócáid fíor speisialta a bheidh á reáchtáil ag an Béal Binn an mhí seo chugainn, nuair a bhronnfar Gradam an Bhéil Binn 2009 ar an amhránaí sean-nóis Ciarán Ó Con Cheanainn. Méala mór a bhás dá mháthair Brídín, a bheidh ann chun glacadh leis an ngradam, dá chomhghleacaithe agus ciorcal leathan cairde araon.
Ba mhór ag coiste An Bhéil Binn cuireadh a thabhairt dá chairde ar fad a bheith ann ar an Domhnach 4 Deireadh Fómhair 2009 in Ostán an Esplanade, Bré, ag 2 i.n. chun ceiliúradh a dhéanamh ar an bhfear uathúil seo a d'imigh uainn róluath.
Beidh roinnt soláistí ar fáil fresin, chun cabhrú leis an gcaint nó go deimhin leis an gceol!
Cuireann an Béal Binn na n-ealaíon béil chun tosaigh i mBré i gContae Chill Mhantáin.
Tuilleadh eolais le fáil ach glaoch ar Colm Ó Foghlú, Feidhmeannach Ealaíne ar 085 7823411 nó ar an láithreán gréasáin www.anbealbinn.com
Nell Ní Chróinín sings 'An Lacha Bhacach'. Broadcast by TG4 in 2007. Recorded at Buckley's Bar, Cill Airne (Beal Atha an Ghaorthaidh, Sliabh Luachra). The lyrics below are those posted by Pilibachleite onto the YouTube page, with three Irish words translated into English in the subsequent parentheses.
ネル・ニフローニーン Nell Ní Chróinín が唄う 'An Lacha Bhacach'.
2007年 TG4 で放送された。収録は Buckley's Bar, Cill Airne
(Beal Atha an Ghaorthaidh, Sliabh Luachra). 歌詞は Pilibachleite が
YouTube の頁にポストしたもの。3箇所ほど括弧内に英語が注記されてる。
A chréatúirín leointe is brón liom do dhreach (face)
Im' choinnibh sa phóirse is tú breoite tinn salach,
Do sciathán ba ró-dheas ag silleadh sa lóib (mud) leat,
Is so lapa beag gleoite dar ndóigh ina dhá leath.
Didery aighle dam dodle di am the dam dam...
An t-asal is dócha a thóg tú le speach
Is greadadh go deo air ba mhór é a theaspach
Cuirfead bata fuinseoige ag rince sa tóin air
Is ceangal naoi ló air cois teorann le staic.
Didery aighle....
Tar anseo im' dhóid chun go dtomhaisead do chnea
Is ná bí chomh glórach ní ceol do bhac-bhac
Idir bhriseadh 'gus leonadh tá ainnise mhór ort
'S is céasadh san domhsa mo lacha bhacach
Didery aighle....
Cad a dhéanfad amáireach is cás liom é mheas
Gan an t-ubh gorm breá mar ba ghnath don bricfeast
Is easnamh don shláinte an bascadh seo 'tá ort
Ach foighne sé 's fearr ar mo lacha bhacach
Didery aighle....
Tar liomsa láithreach thar táirsigh isteach
Is fan ann go soláthraíod duit cláirín is ceairt
Déanfad cliath daongean d'fháscadh ar bhriseadh do chnáimhín
Is snaidhmigh naoi lá é 's beir sásta go maith.
Didery aighle.....
Stopfad lochán duit go snámhfair amach
Sé an t-íocluibh (medicinal cure) is fearr é do lacha bhacach
Beirse i gcionn spáis bhig ag croitheadh sciathán ann
Is roimh tosach an Mharta ag ardú bhác-bhác!
Darach Ó Catháin sings 'Óró, 'Sé Do Bheatha Abhaile'. Originally an eighteenth-century Jacobite song, it was sung with different lyrics written by Pearse, one of the leaders of 1916 Easter Rising, calling out to overseas Irish to join in the independent movement in the early twentieth-century. The tune is taken from a song of the bridegroom welcoming the bride into their new home; the refrain 'Óró, 'sé do bheatha 'bhaile' was originally sung by the bridegroom. Darach retains the original line 'mó ná céad bó bhainne' ([I'd prefer you] more than a hundred cows) with a smile; his way of singing it is impressive.
ダラハ・オコイン Darach Ó Catháin が唄う 'Óró, 'Sé Do Bheatha Abhaile'.
元は18世紀のジェームズ派 (Jacobites) の反乱に関わる歌だったが
20世紀初頭、アイルランド独立運動に国外のアイルランド人よ加われと
呼びかける歌としてピアス(1916 年の復活祭蜂起の指導者の一人)が
歌詞を作り変えたもの。曲は花嫁を花婿の家に迎える時の歌から採られた
もので、'Óró, 'sé do bheatha 'bhaile' は元は花婿が歌った。ダラハが
最終連で 'mó ná céad bó bhainne' 「(君は)百頭の乳牛より素敵だ」と
にやりとしながら唄うのが印象的。
Irish political songs are thus often superimposed on the original love songs.
アイルランドの政治歌はかかる例のごとく元の愛の歌に重ねられることが
多い。
Óró, 'Sé Do Bheatha Abhaile
Is é do bheatha a bhean ba léanmhar,
B'é ár gcreach thú bheith i ngéibhinn,
Do dhúiche bhreá i seilibh meirleach
Is tú díolta leis na Gallaibh.
Curfá:
Óró, 'sé do bheatha 'bhaile,
Óró, 'sé do bheatha 'bhaile,
Óró, 'sé do bheatha 'bhaile,
Anois ar theacht an tsamhraidh.
Tá Gráinne Mhaol ag go duill ar sáile,
Óglaigh armtha léi mar gharda,
Gaeil iad féin is ní Franncaigh ná Spáinnigh
Is cuirfidh siad ruaig ar Ghallaibh.
Curfá
'S a bhuí le Dia na bhFeart go bhfeiceann,
Muna mbíonn beo ina dhiaidh ach seachtain,
Gráinne Mhaol is na milte gaiscíoch
Siad ag fógairt fáin ar Ghallaibh.
Óró, 'sé do bheatha 'bhaile,
B'fhearr liom thú ná céad bó bhainne,
Óró, 'sé do bheatha 'bhaile,
Anois ar theacht an tsamhraidh.
Doimnic Mac Giolla Bhríde sings 'An Draighneán Donn'. The video clip was taken in a class he taught on sean-nos singing at the Frankie Kennedy Winter School in Gaoth Dobhair, Co. Donegal in 2006 (probably towards the end of December). I once attended the class in 2003, which was taught by Lillis Ó Laoire then.
ドムニク(ディムリク)・マクギラヴリージェ Doimnic Mac Giolla Bhríde が
唄う 'An Draighneán Donn'. 毎年年末年始にドネゴールで開催される
Frankie Kennedy Winter School のシャン・ノース歌唱クラスでの
撮影(恐らく2006年12月末)。このクラスにはぼくも行ったことがある。
その時の先生はリリス・オリーレだった。
An Draighneán Donn
Síleann céad bean gur leo féin mé nuair a ólaim leann;
Théid dhá dtrian síos díom nuair a smaoítim ar a gcomhrá liom,
Sneachta séidte is é a shíor-chur ar Shliabh Uí Fhloinn;
Tá mo ghrá-sa mar bhláth na n-airní ar an Droighneán Donn.
Fear gan chéill é ' bheadh a' dréim leis an chrann 'tá ard;
'S an crann beag íseal le na thaobh sin ar a leagfadh sé lámh.
Cé gur ard é an crann caorthainn bí sé searbh os a bharr;
'S fásfaidh sméara 's bláth sú craobh ar an chrann is ísle bláth.
Ní bean buclaí ná bean ribín a d'fhóirfeadh dom
ach gearrchaile gruama a bhí dána dubh.
Maighre na gcuirnín a phógfadh mo bhéal.
Is tú mo chéadsearch agus ní féidir mo chumha a chloí.
Má thig tú choíche tar san oíche go cúl a' tí;
Tráthnóna ná go moch ar maidin nuair a [bheas] an drúcht ina luí.
Cé nach labhrainn bím ag meabhradh go mór fá mo chroí.
Tá mé buartha fá mo mhuirnín ní náir liom é.
Sarah Ghriallais - Amhrán Pheter Báille -Siar an Bóthar - 13
Sarah Ghriallais, of the great singers' family in Conamara, sings 'Amhrán Pheter Báille'. A first-rate sean-nós singing. She won Corn Uí Riada in 1984.
コナマーラの大歌手ファミリーの一員 Sarah Ghriallais が唄う
'Amhrán Pheter Báille'. シャン・ノース歌唱として第一級。さすが。
彼女は1984年にオリアダ杯を獲得。
Amhrán Pheter (Mhicil) Báille
Mo chúig chéad slán le mo bháidín atá go fánach i Rosamhíl.
'S nár dheas í ag gabháil go hÁrainn lá breá nó gaoithe aniar!
'S ní bheadh deifir leis an am agam 's an ghrian ag druidim siar,
'S bheadh airgead gach lá agam, thabharfainn iasc go Rosamhíl.
's tá mo theachaín i lár an ghabháltais agus bóithrín go tóin an tí.
Is shíl mé go mbainfinn sólás as ach ní mar sin féin a bhí,
Mar bhuail an bás go hóg mé 's bhain sé mo bhean phósta dhíom,
's d'fhág sin ar bheagán sóláis mé go deo 's ar feadh mo chill [?].
's nach iomaí sin contúirt mhór ó ariamh i m'óige a ndeachas thríd.
Chuaigh mé i gcontúirt mo bháite i gContae an Chláir is in Inis Oírr;
's thug Dia agus Muire slán mé as gach gábh dhá ndeachas thríd;
Is níor theastaigh mé ón mbás sin 's fuair mé spás nó go dtéinn in aois.
I bid farewell five hundred times to my boat which is haphazardly in Rosamhíl.
She was nice to sail to Árainn on a fine day or with a westerly.
I would not be rushed as the sun went westward.
I'd have money every day; I'd bring fish to Rosamhíl.
My house is in the middle of the holding with a track to its side.
I thought I'd get enjoyment from it but that was not to be.
I was still young when death came and took my wife from me.
That left me short of happiness forever until I should go to my grave.
I went through many dangers since my youth.
I was in danger of drowning in County Clare and in Inis Oírr.
God and Mary saved me from every peril.
Death did not want me and I was spared until my old age.
Iarla Ó Lionáird - Bog Braon don tSeanduine - Geantraí 2007
Iarla Ó Lionáird sings a lullaby 'Bog Braon don tSeanduine' (A Warm Drop to the Old Man). Though it may sound strange, 'the old man' is said to refer to the youngest boy in the family. Therefore this 'drop' is not an alcoholic drink but milk. The song collection edited by Ó Cróinín entitles this song as 'Cuir a chodladh' (lch. 94).
イアルラ・オリナールド Iarla Ó Lionáird が唄う 'Bog Braon don tSeanduine'
「温かい一杯を老人に」は子守唄。この題からすると奇異に聞こえるが
「老人」とは家族の一番下の男の子を指す由。従ってこの「一杯」は酒にあらず
ミルク。Ó Cróinín 編の歌集 (lch. 94) に従い題は 'Cuir a chodladh' と掲げる。
Cuir a chodladh
Bog braon, bog braon, bog braon don tseanduine,
bog braon, blais féin 's é thabhairt don tseanduine.
Cuir a chodladh, cuir a chodladh, cuir a chodladh an seanduine,
cuir a chodladh 's nigh a chosa bog braon don tseanduine.
Ubh circe, ubh circe, ubh circe don tseanduine;
ubh circe 's blúire ime 's é thabhairt don tseanduine.
Cuir a chodladh, cuir a chodladh, cuir a chodladh an seanduine,
cuir a chodladh 's nigh a chosa bog braon don tseanduine.
Feoil úr, feoil úr, feoil úr don tseanduine,
feoil úr 's braon súip 's é thabhairt don tseanduine.
Cuir a chodladh, cuir a chodladh, cuir a chodladh an seanduine,
cuir a chodladh 's nigh a chosa bog braon don tseanduine.
Bog braon, bog braon, bog braon don tseanduine,
bog braon, 's blais féin 's é thabhairt don tseanduine.
Aodh Óg Ó Duibheannaigh - An Chead Mhairt de Fhomhar www.tg4
Aodh Óg Ó Duibheannaigh, possibly a relative (?) of the great singer Aodh Ó Duibheannaigh in the 1940s, sings 'An Chéad Mháirt de Fhómhar', which Séamus Ó Domhnaill composed in 1811 when his son drowned.
1940年代の大歌手 Aodh Ó Duibheannaigh の親戚(らしい)
Aodh Óg Ó Duibheannaigh が唄う 'An Chéad Mháirt de Fhómhar'。
息子の溺死に際し父 Séamus Ó Domhnaill が1811年に作った歌。
An Chéad Mháirt de Fhómhar
An chéad Mháirt de fhómhair ba brónach tuirseach mo scéal.
Lámh thapaidh a bhí cródha ag gabháil romham ar leaba na n-éag.
Ar Charraig na nDeor is dóigh gur chaill mé mo radharc
Is go dtéidh mé faoi fhód is ní thógfad m'aigne ` do dhiaidh.
Tá do mháthair is Niall faoi chian 's is fada leo an lá.
D'fhág tú osna ina gcliabh nach leigheasann dochtúir nó lia,
Ar sholáthar mé `riamh is bíodh sé uilig cruinn i mo láimh,
Go dtabharfainn é uaim ach fuascladh-- Padaí bheith slán.
Tá do dheirfiúracha cráite do ghnáth `s iad ag sileadh na súl
'S gan fios cé'n lá go bráthach a n-imeoidh a gcumha.
D'fhág tú d'aicme faoi smál `s nach náir liom mar rinne tú a' siúl
Nuair nár agair tú Párthas le spás beag eile a thabhairt dúinn.
Mo mhallacht go buan fá bhruach a' chladaigh seo thíos
Is é d'fhag d'aicme faoi ghruaim 's a rinn gual domh in aice mo chroí,
Is é do chur ins an uiagh, monuar,a d'fhág mise gan bhrí,
Gan mhisneach, gan stuaim, ach mo thruaill bhocht ag imeacht le gaoith.
Gearóidín Bhreatnach - Tiocfaidh an Samhradh - 1-4-07 13030
Gearóidín Bhreatnach sings 'Tiocfaidh an Samhradh' with her twin daughters. The video clip was taken in 2007.
ガロージーン・ヴラナハ母子が唄う「夏は来る」。2007年の映像。
双子の娘さんと唄うガロージーン。
Tiocfaidh an Samhradh
Tiocfaidh an samhraidh agus fásfaidh an féar
Is tiocfaidh an duilliúr glas ar bharr na gcraobh.
Tiocfaidh mo rún searc le banú an lae,
Agus buailfidh sí tiúin suas le cumhaí im' dhiadh.
Is óg 's óg a chuir mé dúil i ngreann
Is dhéanfainn súgradh le mo rún ar faill;
Níl baile cuain ar bith a ngluaisfinn ann,
Nach bhfaighhinn maighdean óg dheas ar bhuidéal rum.
Spleoid ar an fharraige mar 's í tá mór,
'S í tá ' gabhail idir mé agus mo mhíle stór,
D'fhág sí ar an bhaile seo mé a' dhéanamh bróin
'S gan mé dúil lena feiceáil a choiche níos mó.
Bhí ceathrar agus fiche 'cu ar an rang amháin,
'S í mo Mháire-se an bhean acu ab fhearr;
Bhí blas na meala uirthi agus an boladh breá,
'S í an pósaí álainn í atá doiligh 'fháil.
Cuirimse spleoid ar do chumann gearr,
I bhfad uaim uait, a mhíle grá,
Dá dtabharfá d'fhocal mar a bhí tú á rá,
Go mbeadh caisleán geal againn ar bhruach na trá.
Úna deas an cailín í stór mo chroí,
'S nach méanar don fhear óg a phósfas í
Tá séan ó Mhuire uirthi agus grá ó Chríost,
Ach mo mhallacht don athair a rinne sclábhaí dí.
Scairt mé aréir ag an doras thall,
Scairt mé arís ar mo ghrá go teann,
'Sé dúirt a daidí liom nach raibh sí ann,
Ná gur éalaigh sí aréir leis an bhuachaill donn.
Shiúil mé thoir agus shiúil mé thiar,
Shiúil mé Corcaigh agus Baile Átha Cliath.
Shiúil mé an baile seo faoi dhó le bliain,
Ag iarraidh mo stóirín ' bhain díom mo chiall.
Aoibhinn Ní Shuilleabháin, Nan Tom Teaimín -Máire Ni Ghríofa
Two women sing 'Máire Ni Ghríofa'.
'Máire Ni Ghríofa' を二人の女性が唄う。
First, Aoibhinn Ní Shuilleabháin, who was chosen Rose of Tralee of 2005. The criteria for this beauty contest, held at the end of August every year, is whether the contestant conforms to the lyric 'lovely and fair' sung in the Irish ballad 'Rose of Tralee'.
まず、2005年の Rose of Tralee に選ばれたイーヴィン・ニグリーファ。8月末に毎年開催されるこのミス・コンテストの選考基準はアイルランドのバラッド 'Rose of Tralee' の歌詞 'lovely and fair' に合致するかどうか。
Second, one of the greatest sean-nós singers Nan Tom Teaimín sings it. She has won the Corn Uí Riada two times and is currently the foremost female singer.
次に大御所ナン・トム・チャミーン。オリアダ杯2回獲得の女性では現在ナンバーワンの歌い手。
Máire Ni Ghríofa
(Aoibhinn Ní Shúilleabháin)
'S nach iomaí maidin Domhnaigh 'chaith mé súgach deas go leor
'Dhul soir le mo luichtín móna 's dhá chúrsa i mo sheol mór
Níor ghéill mé riamh do mhúr ar bith dá dhúinte dá mbeadh ceo
Nó go dtéinn ag caint le plúr na mban bhíodh romham sa mbaile mór.
*Ó mo ghrása thú Máire Ní Ghríofa, is tú rí-bhan thar na mná
Níor iarr mé riamh an cnaigín ort nach líonfá dhom an cárt
Nuair a théinn isteach go n-íocfainn tú ní dhéanfá díom ach greann
Is mo ghrá ní scarfad choíche leat 'dtí 'n geimhreadh th'éis do bháis.
Dhá bhfeicfeá bád chlann Donncha ga' lá dhá dtéadh sí 'un seoil
Ó phlúchfadh sí an fharraige, ní fhliuchfadh sí ceann seoil
Bheadh tús ar chuile gheála aici nuair a thagadh an lá mór
'S nach ndíolfainn mo luichtín móna 's mé 'comhrá le mo stór.
(Nan Tom Teaimín)
'S nach iomaí maidin Domhnaigh 's mé súgach maith go leor
'Dhul soir le mo luichtín móna 's dhá chúrsa ar a' seol mór
Níor ghéill mé riamh do mhúr ar bith dá dhúinte dhá mbeadh ceo
Nó go dtéinn ag caint le plúr na mban thríd ___ an Aird Mhóir.
Ach nuair a imeos mé as an áit seo is nuair a dhíbreofar mé as an mbád
Caithfidh mé oíche i Maínis 's dhá oíche sa Trá Bháin
Siúlfaidh mé thart sa liberty 's anonn faoi chontae an Chláir
'S mara bpósfaidh Máire Ní Ghríofa mé, ní fhillfidh mé go brách.
Goilleann sé ar staidmheidhreog nach bhfuil sí in ann an t-aon fhocal amháin sin a thuiscint!
Is cosúil go bhfuil an t-amhrán seo curtha ag Nan ar a dlúthcheirnín nua, "The Home I Left Behind." Má tá sin ag duine ar bith, seans go gcuirfeadh sé comhairle orainn... ?
[The above lyrics and notes provided by staidmheidhreog]
Aoibhinn Ni Shuilleabháin, Nan Tom Teaimín - Maire Ni Ghriofa (Abair Amhrán - 24-4-07 www.tg4.ie subs en)
Máirtín Tom Sheáinín - Máire Ní Ghríofa - Geantraí
Máirtín Tom Sheáinín sings 'Máire Ní Ghríofa'.
マールティーン・トム・ヒョーニーンが唄う「モーィレ・ニグリーファ」。
Máire Ní Ghríofa
Ó 's nach iomaí maidin Domhnaigh 'chaith mé súgach deas go leor
'Dhul soir le mo luichtín móna 's dhá chúrsa i mo sheol mór
Níor ghéill mé riamh do mhúr ar bith dá dhúinte dá mbeadh ceo
Go dtéinn ag caint le plúr na mban bhíodh romham sa mbaile mór.
'S mo ghrása í Máire Ní Ghríofa, is tú rí-bhan thar na mná
Níor iarr mé riamh a' cnaigín ort nach líonfá dhom a' cárt
Nuair a théinn isteach go n-íocfainn thú 's ní dhéantá dhíom ach greann
Is mo ghrá ní scarfad choíche leat go dtí 'n geimhreadh th'éis do bháis.
'S dhá bhfeicfeá bád chlann Dhonncha gach lá dhá dtéadh sí 'un seoil
Ó phlúchfadh sí an fharraige 's ní fhliuchfadh sí ceann seoil
Bheadh tús ar chuile gheála aici nuair a thagadh an lá mór
Is nach ndíolfainn mo luichtín móna 's mé 'comhrá le mo stór.
'S nuair a fhágfas mise an áit seo is nuair a fhágfas mé na báid
Ó chaithfidh mé oíche i Maínis 's dhá oíche ar a' Trá Bháin
Ar fhilliúint ar ais arís dom beidh mé oíche in Eanach Mheáin?
'S mara bpósfaidh Máire Ní Ghríofa mé, ní fhillfidh mé go brách.